Nuacht & Imeachtaí
IMEACHTAÍ
NUACHT
Alt: Stádas bunreacht úil na Gaeilge in Éirinn Aontaithe
Tá borradh tagtha agus ag teacht faoi stádas agus úsáid na Gaeilge sa saol oifigiúil. Is teanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach í gan mhaolú, cíos, cás ná cathú ón 1ú Eanáir 2022. Feasta achtófar agus clófar gach rialachán, treoir agus cinneadh den Aontas as Gaeilge ag an am céanna agus ar aon dul leis na leaganacha sna 23 teanga oifigiúil eile idir mhórtheangacha domhanda cosúil le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis agus teangacha na náisiún beag cosúil le Máltais, Eastóinis nó Laitvis.
An Chéad Bhreithiúnas i nGaeilge i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
(an Chéad Dlísheomra)17 Márta 2021 Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 288 CFAE – Treoir 2001/82/CE – an cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta – Airteagail 58, 59 agus 61 – Faisnéis atá le cur ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta – Oibleagáid maidir le faisnéis a dhréachtú i dteangacha oifigiúla uile an Bhallstáit ina gcuirtear ar an margadh an táirge – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhréachtú faisnéis i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit – Cúirt náisiúnta ag éisteacht caingean lena n‑iarrtar cinneadh nár thrasuigh an Ballstát Treoir 2001/82/CE i gceart agus nach mór do na húdaráis inniúla an dlí náisiúnta a leasú.


















