top of page
Stádas Bunreachtúil na Gaeilge in Éirinn Aontaithe

Le Dáithí Mac Cárthaigh
Unbalanced Scales of Justice

Tá borradh tagtha agus ag teacht faoi stádas agus úsáid na Gaeilge sa saol oifigiúil. Is teanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach í gan mhaolú, cíos, cás ná cathú ón 1ú Eanáir 2022. Feasta achtófar agus clófar gach rialachán, treoir agus cinneadh den Aontas as Gaeilge ag an am céanna agus ar aon dul leis na leaganacha sna 23 teanga oifigiúil eile idir mhórtheangacha domhanda cosúil le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis agus teangacha na náisiún beag cosúil le Máltais, Eastóinis nó Laitvis.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe agus an tAcht leasaithe sínithe ag Uachtarán na hÉireann. I measc na leasuithe is suntasaí anseo féachfar go mbeidh 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2030 agus cuirfear seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh 20% d’fhógraíocht chomhlachtaí poiblí as Gaeilge agus caithfear 5% dá mbuiséid fógraíochta ar na meáin Ghaeilge. Éascófar úsáid síntí fada, cinnteofar lógónna dátheangacha, foirmeacha dátheangacha agus ábhar margaíochta dátheangach do chomhlachtaí poiblí. Leagfar síos prótacail nó caighdeáin chinnte maidir le seirbhísí as Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí agus cuimseoidh na dualgais seo seirbhísí a chuireann comhlachtaí príobháideacha ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí.

Tá reachtaíocht teanga á achtú do na Sé Chontae, reachtaíocht lena mbunófar caighdeáin teanga faoina soláthrófar seirbhísí poiblí as Gaeilge agus Coimisinéir Gaeilge a fheidhmeoidh mar ombudsman teanga.

Sa chomhthéacs fáis seo, ní foláir a chinntiú go slánófar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil faoi aon socrú bunreachtúil nua. Is slán don stádas láidir oifigiúil ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus is gá a chomhaith a chur i bhfeidhm ag baile. I gcomhthéacs Éireann Aontaithe, beidh cosaint cearta mionlach go mór i gceist, lucht labhartha na Gaeilge ina measc. Ó thaobh cosaint mionlaigh teanga de, tá múnla eiseamláireach le fáil i ndlí bunreachtúil Cheanada sa Chairt Cheanadach um Chearta agus Saoirsí a leagtar amach agus a phléitear thíos.

bottom of page