Fúinn féin...
Bunaíodh Cumann Barra na Gaeilge chun fóram a chur ar fáil do dhlí-chleachtóirí, idir abhcóidí agus aturnaetha, a chleachtaíonn an dlí trí mheán na Gaeilge nó ar suim leo saineolas sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge nó saineolas maidir le cúrsaí dlí agus Gaeilge a fhorbairt.
Is feidhm don Chumann imeachtaí oideachasúla agus imeachtaí sóisialta a eagrú agus a áisiú agus proifíl na Gaeilge a ardú i nGairm an Dlí.
Bí linn!

ALED ROBERTS
Is mian le Cumann Barra na Gaeilge cuimhne ar Aled Roberts, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, a d’imigh ar shlí na fírinne Dé Luain an 14ú Feabhra.
Anseo tá físeán den agallamh a chuir an Breitheamh Ferriter air i mí na Samhna 2021 ag ócáid de chuid an Chumainn
Comhbhrón lena chéile Llinos agus a chlann mhac Ifan agus Osian
Gyda chydymdeimlad dwys yn eich colled trist



